Tá an-lúcháir ar an Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige (CECDE) an Dara hEagrán den Iniúchadh Taighde ar Chúram agus Oideachas na Luath-Óige in Éirinn a chur i láthair, a chlúdaíonn an tréimhse iomlán idir 1990 agus 2006. Is fiú an nuashonrú seo a dhéanamh mar thoradh ar an mborradh ollmhór atá tagtha ar thaighde ar chúram agus oideachas na luath-óige (COLO) in Éirinn le blianta beaga anuas, rud a léiríonn bríomhaireacht earnáil na mblianta luatha atá ag fás agus ag forbairt. Ina theannta sin, tá an Dara hEagrán den Iniúchadh in am is i dtráth chun faisnéis a chur ar fáil do thosaíochtaí taighde na todhchaí, don CECDE agus don earnáil COLO níos leithne, chun a chinntiú go mbunófar beartas agus cleachtas i gcomhthéacs na hÉireann ar thaighde reatha dúchasach.
Tá an Dara hEagrán den Iniúchadh Taighde deighilte i dtrí chuid substainteacha. Ar dtús, tugann an Réamhrá cúlra agus réasúnaíocht an Iniúchta agus cuirtear i láthair sna trí chuid seo a leanas é:
An comhthéacs d’fhorbairt an Dara hEagrán den Iniúchadh Taighde;
Cur síos ar an gcéad Iniúchadh Taighde a táirgeadh i 2003 (CECDE, 2003a);
Forbhreathnú ar an Dara hEagrán den Iniúchadh Taighde, lena n-áirítear an mhodheolaíocht a úsáideadh chun é a thiomsú, cur síos ar na ceithre théama is fiche agus na fo-théamaí lena mbaineann, torthaí suimiúla, bearnaí taighde a aithníodh agus sonraí an bhunachair shonraí taighde inchuardaithe ar líne.
Anuas air sin, tá na foilseacháin laistigh den Dara hEagrán den Iniúchadh Taighde eagraithe i gceithre théama taighde is fiche. Baineann sé cinn déag acu sin le Caighdeáin Síolta, an Chreatlach Náisiúnta Cháilíochta d'Oideachas na Luath-Óige (CECDE, 2006a), agus tá ocht dtéama ghinearálta sa bhreis ann freisin. Chomh maith leis sin, tá formhór na dtéamaí sin roinnte i bhfo-théamaí chun go mbeadh an tIniúchadh níos inrochtana agus go mbeadh sé níos éasca teacht ar nithe ann. I dtéarmaí ginearálta, fo-roinneadh téamaí a chuimsíonn níos mó ná daichead tagairt. Tá míniú gearr roimh gach téama agus fo-théama a dhéanann cur síos ar phríomhfhócas an taighde dá dtagraítear ann agus a dhéanann anailís ar na príomhthreochtaí. Cuirtear na ceithre théama is fiche i láthair in ord aibítre chun go mbeadh sé éasca an t-iniúchadh a úsáid. Laistigh de na téamaí agus na fo-théamaí uile, liostaítear na foilseacháin uile in ord aibítre freisin.
Ar deireadh, is éard atá sa tríú cuid ná leabharliosta A-Z de réir údair de na hábhair uile sa Dara hEagrán. Tá Innéacs Údar roimh an gcuid sin chun cabhrú le teacht ar údair shonracha tríd an Iniúchadh uile.
Is féidir amharc ar an chéad eagrán don Iniúchadh ar Thaighde anseo .
Cliceáil anseo chun teacht ar an Iniúchadh ar Thaighde in Éirinn maidir le Cúram agus Oideachas na Luath-Óige 1990-2006 (An Dara hEagrán) nó cur fios orainn chun cóip a fháil.
Dáta deireanach a nuashonraíodh an suíomh:
18 May, 2012
An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige
Teach an Gheata, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9 Tel: 00353 (0)1 8842110 Fax: 00353 (0)1 8842111
Email: early.childhood@spd.dcu.ie