|
|
|
|
Cleachtóirí agus Tuismitheoirí a Thabhairt le Chéile – Forbairt Creatlaí um Ghníomh chun Éagsúlacht Chultúrtha a Chur Chun Cinn i Suímh Oideachas na Luath-Óige
Awarded to: The Centre for Social and Family Research, Waterford Institute of Technology
Key researchers: Fergus Hogan, Jonathan Culleton, Máire O’Reilly, Jacqui Duggan and Claire Nolan
Réamhrá
Is í aidhm an tionscadail seo Creatlach um Ghníomh a fhorbairt a fheidhmeoidh mar uirlis phraiticiúil a mbainfidh Seirbhís Chomhairleach Luath-Óige DEIS agus raon proifisiúnach eile úsáid as a bhfuil baint acu le forbairt agus soláthar oideachas na luath-óige, d’fhonn éagsúlacht chultúrtha a chur chun cinn i suímh oideachas na luath-óige.
I sochaí atá ag éirí níos ilchultúrtha, gné lárnach de sholáthar ardchaighdeáin sna blianta luatha is ea éagsúlacht. Is minic a bhíonn suíomh oideachas na luath-óige mar chéad phointe teagmhála an linbh lasmuigh den neasteaghlach. Is é an dúshlán atá le sárú ag sochaí ilchultúrtha na hÉireann i láthair na huaire ná conas suímh chúraim agus foghlama a fhorbairt ina gcothófar timpeallacht ina bhforbrófar meonta dearfacha agus/nó ina dtabharfar dúshlán do chlaontacht reatha. Mar thoradh ar na meicníochtaí cómhalartacha a bhíonn i gceist i bpróiseas forbartha gach linbh (m.sh. bíonn tionchar ag an méid a tharlaíonn sa bhaile ar an méid a tharlaíonn sa suímh, agus vice versa), caithfidh an caidreamh idir cleachtóir agus tuismitheoir(í) a bheith straitéiseach.
The Framework for Action will provide guidelines for practitioners and practical interventions for engaging parents on issues of cultural diversity. They will provide models of good practice and will be implemented in the identified settings.
Réasúnaíocht an Tionscadail
Is í aidhm an tionscadail seo ná Creatlach um Ghníomh a fhorbairt, a chuirfidh ar chumas raon leathan proifisiúnach straitéisí praiticiúla a cheapadh chun tuiscint dhearfach agus meas a chothú ar ionannas agus cearta na ndaoine fásta agus na leanaí uile a mbíonn ag plé le suíomh oideachas na luath-óige.
Díreoidh an tionscadal ar raon suíomh aitheanta a chuireann cúram agus oideachas cuimsitheach ar fáil do leanaí ó bhreith go haois sé bliana, lena n-áirítear ranganna naíonán i mbunscoileanna, cúram lae lánaimseartha agus páirtaimseartha, seirbhísí seisiúnacha agus feighlíocht leanaí.
Ba chóir don idirghabháil an méid seo a leanas a bhaint amach:
- Creatlach um Ghníomh a fhorbairt a chuireann ar chumas cleachtóra (i) tuiscint níos fearr ar éagsúlacht chultúrtha a fhorbairt mar aon le (ii) cumas idirghníomhú le tuismitheoirí, agus (iii) cumas an dá cheann a dhéanamh le chéile – chun aghaidh phraiticiúil a thabhairt ar shaincheisteanna éagsúlachta laistigh dá suíomh.
- Treoirlínte gaolmhara (a chuimseoidh idirghabhálacha praiticiúla agus eiseamláirí) a fhorbairt a dtugann tacaíocht do féinmhachnaimh a spreagadh sa chleachtóir.
- Bonneagar ábhartha tacaí a bhunú a chuirfidh ar chumas cleachtóirí idirghníomhú le tuismitheoirí i dtéarmaí éagsúlachta chultúrtha (m.sh. tacaíocht ar an suíomh, traenáil, meantóireacht, soláthar acmhainní srl.).
- Cur i bhfeidhm tionscnamh cleachtais chun rannpháirtíocht tuismitheoirí i raon suíomh oideachas na luath-óige a chur chun cinn agus chun tacú léi.
- Meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na Creatlaí um Ghníomh.
Torthaí an Tionscadail
Tabharfaidh torthaí an tionscadail taighde treoir agus tacaíocht d’obair sheirbhís tacaíochta luath-oideachais DEIS trí:
- Athbhreithniú leathan ar thaighde náisiúnta agus idirnáisiúnta ar éagsúlacht chultúrtha agus rannpháirtíocht tuismitheoirí a sholáthar, le cois múnlaí dea-chleachtais chun tacú le cleachtóirí i suímh oideachas na luath-óige.
- Na príomhréimsí do thacaíocht agus idirghabháil cleachtóirí agus tuismitheoirí a aithint go soiléir trí mheán comhairliúcháin agus anailís ar riachtanais.
- Staid bhunlíne agus staid reatha na héagsúlachta cultúrtha agus rannpháirtíocht tuismitheoirí a aithint laistigh de gach cineál suíomh oideachas na luath-óige.
- Múnlaí agus eiseamláirí dea-chleachtais reatha laistigh de shuímh oideachas na luath-óige in Éirinn a aithint agus a scaipeadh.
- Creatlach um Ghníomh a fhorbairt chun tacú le raon proifisiúnach straitéisí a cheapadh chun idirghníomhú le tuismitheoirí faoin éagsúlacht chultúrtha laistigh de shuíomh oideachas na luath-óige.
- An Chreatlach um Ghníomh a thabhairt isteach agus a chur i bhfeidhm i raon suíomh éagsúil laistigh de na ceithre chatagóir suíomh thuasluaite (lena n-áirítear suímh ina dtagann formhór na leanaí ó chúlraí eitneacha agus cultúrtha éagsúla), chun cleachtas ardchaighdeáin a fhorbairt agus a fheabhsú.
- Raon tacaí a fhorbairt agus a sholáthar chun an Chreatlach um Ghníomh a chur i bhfeidhm (m.sh. meantóireacht, tacaíocht ar an suíomh, acmhainní srl.).
- Meastóireacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na Creatlaí um Ghníomh ó pheirspictíocht tuismitheoirí agus cleachtóirí.
Modheolaíocht
Ar dtús, beidh creatlach theoiriciúil an taighde bunaithe ar fhianaise den chuid is mó, agus aithneoidh sí agus déanfaidh sí measúnú ar mhúnlaí cleachtais náisiúnta agus idirnáisiúnta d’oiliúint i réimse na héagsúlachta cultúrtha agus oideachas, agus do rannpháirtíocht tuismitheoirí.
Beidh an dara céim den taighde – comhairliúchán agus breathnóireacht laistigh de shuímh ainmnithe, bunaithe go hiomlán ar phríomh-thorthaí an athbhreithnithe ar an litríocht. Le cois sin, tacóidh sé seo le hoiriúnú múnlaí idirnáisiúnta do riachtanais shonracha chomhthéacs shuímh oideachas na luath-óige in Éirinn.
Beidh meastóireacht leanúnach mar chuid lárnach den tionscadal seo – beidh idirghníomhú le agus aiseolas ó na tuismitheoirí agus cleachtóirí páirteacha mar fhachtóir leanúnach, agus treoróidh sé aon mhionathruithe ar gá iad a dhéanamh ar an gCreatlach um Ghníomh sula gcríochnófar í. Ina theannta sin, treoróidh an próiseas meastóireachta aon mholtaí/tuairimí faoi riachtanais sa todhchaí (m.sh., oiliúint, acmhainní agus ábhair) i ndáil le héagsúlacht chultúrtha agus rannpháirtíocht tuismitheoirí i suímh oideachas na luath-óige.
|
|
|