Luathmheasúnú agus Luath-idirgabháil maidir le Míbhuntáiste Oideachais
Réasúnaíocht
Ní féidir linn tosnú ar fheabhas a chur ar shaol páistí leochaileacha agus a muintir gan a gcuid riachtanas a
aithint, a thuiscint agus a fhreastal i gcomhthéacs a saoil laethúla. Maidir le míbhuntáiste oideachasúil, nuair a bhí cúram agus oideachas luath-óige á phlé le déanaí bhíothas den tuairim nach féidir cleachtas oideachais agus cleachtas cúraim a scaradh óna chéile nuair atá páistí óga i gceist (ROE, 1999). Sa tslí chéanna, tugann an taighde le fios dúinn gur iomaí cúis atá leis an míbhuntáiste oideachasúil agus gur gá cur chuige uileghnéitheach chun na cúiseanna a mheasúnú. Ina fhianaise seo, ní foláir na toscaí riosca a mheasúnú i gcomhthéacs an teaghlaigh agus an phobail mhóir. I dtaca leis seo, aithníonn an Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige nádúr casta an mhíbhuntáiste tuaithe agus an mhíbhuntáiste atá scaipthe ar fud na tuaithe, agus aithníonn sé gur féidir leis seo deacrachtaí a chruthú maidir le sainaithint páistí agus teaghlach atá i mbaol an mhíbhuntáiste oideachasúla (Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige, 2004).
Taighdeoir/Institiúid/Eagraíocht
An Dr. Nóirín Hayes, Laura O'Hanlon, CSER, Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath
Cur Síos Gearr ar an dTaighde
Ar an mbonn go dteastaíonn tuiscint faoi leith ó pháistí áirithe agus gur gá a riachtanais a bhreithniú níos
grinne, tá an tionscadal seo deartha i dtreo is go gcabhróidh sé le sainaithint riosca an mhíbhuntáiste oideachasúla i measc leanaí agus lapadán tuaithe agus go sainaithneoidh sé straitéisí, próisis agus idirghabhála chun gníomhú in aghaidh an riosca seo ag leibhéal an duine aonair, an teaghlaigh agus an phobail. Tá sé de dhualgas ar ghníomhaireachta rialtais, ar ghrúpaí áitiúla pobail agus ar na tuismitheoirí leas na bpáistí a dheimhniú trí iad a chosaint ó gach saghas mhíbhuntáiste agus trína chinntiú go bhfreastalaítear ar a riachtanais forbartha agus oideachasúla. Is léir uaidh seo gur gá do mheasúnacht ar bith a dhéantar ar an míbhuntáiste oideachasúil cur chuige a ghlacadh ina bhfuil réimse gníomhaireachta rannpháirteach ann.
Dáta deireanach a nuashonraíodh an suíomh:
9 September, 2010
An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige
Teach an Gheata, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9 Tel: 00353 (0)1 8842110 Fax: 00353 (0)1 8842111
Email: early.childhood@spd.dcu.ie