Soláthar do Bhlianta Luatha Leanaí le Riachtanais Speisialta ó Bhreith go hAois Sé Bliana in Dhá Limistéar Gheografacha in Éirinn
Réasúnaíocht
Bhain príomhcheisteanna an staidéir seo le cineál an tsoláthair d’Oideachas agus Cúram Luath-Óige atá ar fáil in Éirinn do leanaí ó bhreith go haois sé bliana. Dhírigh an staidéar seo go sonrach ar an soláthar do leanaí le riachtanais speisialta agus a mhéid agus a théann sé leis na fachtóirí a aithníonn an litríocht mar idirghabháil luath éifeachtach do na leanaí sin. Sa staidéar, sainmhínítear leanaí le riachtanais speisialta mar leanaí faoi mhíchumas agus/nó leanaí atá i mbaol ar chúiseanna a bhaineann le míbhuntáiste socheacnamaíoch. Tógtar an sainmhíniú sin ó Thuairisc an Special Education Review Committee (SERC, 1993) a áiríonn ina shainmhíniú de riachtanais speisialta, iad uile nach féidir leo go leor leasa, nó ar deacair dóibh go leor leasa, a bhaint as an oideachas a chuirtear ar fáil do leanaí ar an aois chéanna mar thoradh ar a míchumas agus/nó a gcúinsí (lch 18).
Taighdeoir / Institiúid / Eagraíocht
An Roinn um Oideachas Speisialta, Coláiste Phádraig, Droim Conrach
Cur Síos Gearr ar an dTaighde
Baineann an staidéar taighde seo le scrúdú a dhéanamh ar chineál, méid agus caighdeán an tsoláthair do leanaí faoi mhíchumas agus do leanaí atá i mbaol mar thoradh ar mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, i gcomhthéacs na hÉireann. Is éard atá sa staidéar ná athbhreithniú ar an litríocht náisiúnta agus idirnáisiúnta ar idirghabháil luath agus suirbhé domhain ar an soláthar in dhá réigiún gheografacha sa tír. Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha an staidéir:
Athbhreithniú a dhéanamh ar an litríocht chun iarracht a dhéanamh fachtóirí a aithint a chabhraíonn le hidirghabháil luath éifeachtach do leanaí faoi mhíchumas agus leanaí atá i mbaol mar thoradh ar mhíbhuntáiste socheacnamaíoch.
An soláthar a chuirtear ar fáil in dhá réigiún gheografacha in Éirinn a thaifeadadh agus léargas a chur ar fáil ar chineál agus caighdeán an tsoláthair sin i gcomhthéacs na bhfachtóirí a chabhraíonn le cleachtas éifeachtach a aithníodh san athbhreithniú ar an litríocht.
Moltaí a dhéanamh maidir le beartas don todhchaí, taighde agus cleachtas i soláthar do bhlianta luatha na leanaí sin.
Dáta deireanach a nuashonraíodh an suíomh:
9 September, 2010
An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige
Teach an Gheata, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9 Tel: 00353 (0)1 8842110 Fax: 00353 (0)1 8842111
Email: early.childhood@spd.dcu.ie