|
|
|
|
Togra le haghaidh Tionscadal Taighde ar Fhorbairt Ghairmiúil do Phroifisiúnaigh na Luath-Óige – Ag Scrúdú Oideolaíocht na Luath-Óige
Awarded to: Stranmillis University College
Key researchers: Dr. Glenda Walsh, Dr. Colette Gray, Sheelagh Carville, Karen Hanna and Dorothy McMillan
Réamhrá
The aim of this project is to enable early childhood educators/ teachers to build a deeper understanding of pedagogy by identifying the nature of pedagogy in early childhood settings and by implementing a development tool for practitioners to enhance the effectiveness of their own pedagogy.
Tá acmhainní suntasacha á gcaitheamh in Éirinn chun ábhair tacaíochta a fhorbairt d’oideoirí/múinteoirí na luath-óige a bhíonn ag plé le luath-oideachas leanaí ó bhreith go haois sé bliana. D’fhoilsigh an Lárionad dréacht de Síolta, an Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d'Oideachas na Luath-Óige. Cuimsíonn sé sin sraith chuimsitheach de phrionsabail agus caighdeáin aontaithe a thugann aghaidh ar gach gné den chleachtas, lena n-áirítear curaclam, cleachtas gairmiúil agus súgradh. Tá an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (NCCA) á n-ullmhú féin chun Creatlach Náisiúnta don Luath-Fhoghlaim a fhoilsiú, a bheidh dírithe ar bhealach níos mionsonraí ar churaclam, measúnacht ar fhoghlaim agus cleachtais oideolaíochta d'oideoirí/múinteoirí na luath-óige a bhíonn plé le leanaí ó bhreith go haois sé bliana.
Le cois sin, d’aithin taighde idirnáisiúnta an tábhacht a bhaineann le hoideolaíocht na luath-óige chun na torthaí is fearr a bhaint amach do leanaí. Is iad impleachtaí an taighde seo ná gur dóchúil gurb í an oideolaíocht is éifeachtúla don luath-fhoghlaim ná oideolaíocht ina measctar ‘teagasc an ranga iomláin’ le hobair grúpaí beaga tionscanta/treoraithe ag an múinteoir (súgradh san áireamh).
I bhfianaise an taighde reatha, tá sé tábhachtach scrúdú a dhéanamh ar chleachtas oideachas na luath-óige in Éirinn chun an cineál oideolaíochta a úsáidtear a aithint agus, le cois sin, chun iomchuibheas na hoideolaíochta sin in aghaidh an dea-chleachtais atá aitheanta ag an taighde a mheas. Bheadh iniúchadh ar an méid ama a chaitheann leanaí óga ar phróisis luath-fhoghlama thábhachtacha lárnacha mar chuid thábhachtach den scrúdú sin.
moltar comhthionscadal taighde cáilíochtúil/cainníochtúil a úsáid. Dhéanfadh an tionscadal iarracht oibriú le roinnt cleachtóirí i suímh éagsúla oideachas na luath-óige in Éirinn, lena n-áirítear na ranganna naíonán i mbunscoileanna, suímh chúraim lae lánaimseartha agus pháirtaimseartha, seirbhísí seisiúnacha agus suímh feighlíochta leanaí. An cuspóir a bheadh leis ná tacú le hoideoirí/múinteoirí na luath-óige tuiscint níos láidre agus níos doimhne a fháil ar oideolaíocht i gcomhthéacs na luath-óige. Ní amháin go gcuirfeadh torthaí tionscadail dá leithéid feabhas ar cháilíocht eispéiris foghlama leanaí, ach thabharfadh siad treoir freisin do shuímh eile agus iad ag iarraidh soláthar don luath-fhoghlaim a scrúdú agus a fhorbairt trí chás-staidéir de chleachtas ardchaighdeáin a thaifeadadh.
Aidhm an Tionscadail
Tá roinnt aidhmeanna leithleacha ag an tionscadal seo.
- Ar dtús, déanfar athbhreithniú ar litríocht náisiúnta agus idirnáisiúnta araon, chun croílár na hoideolaíochta éifeachtúla ar gá í a scrúdú agus ar gá tacú léi sna suímh roghnaithe a aithint.
- Chomh maith leis sin, déanfaidh sé iarracht cineál agus éifeachtacht na hoideolaíochta i suímh éagsúla oideachas na luath-óige in Éirinn a aithint, bunaithe ar thorthaí an athbhreithnithe ar an litríocht.
- Ansin, tá sé d’aidhm aige múnla a fhorbairt chun tacú le hoideoirí/múinteoirí na luath-óige scrúdú a dhéanamh ar a n-oideolaíocht féin, agus tacú leo oideolaíocht éifeachtúil a fhorbairt in oideachas na luath-óige.
- I ndiaidh cláir forbartha ghairmiúla i ngach ceann de na suímh aitheanta, déanfar meastóireacht chun athbhreithniú a dhéanamh ar ghnéithe éifeachtúla na hidirghabhála.
- Ar deireadh, forbrófar agus scaipfear eiseamláirí agus múnlaí dea-chleachtais chun caighdeán na gcleachtas oideolaíochta i réimse oideachas na luath-óige a threorú.
Torthaí an Tionscadail
Tá súil againn go mbeidh tionchar dearfach ag an tionscadal ar cháilíocht na hoideolaíochta atá in úsáid ag na hoideoirí/múinteoirí na luath-óige a bhí rannpháirteach. Tabharfaidh sé faisnéis freisin faoin gcaoi a d’fhéadfaí oideolaíocht a athscrúdú agus a fhorbairt ag leibhéal an tsuímh aonair. Go sonrach, áirítear ar thorthaí an tionscadail:
- An cineál oideolaíochta in oideachas na luath-óige i suímh éagsúla in Éirinn a fhionnadh.
- Na hathróga a mbíonn tionchar acu ar an gcineál oideolaíochta a aithint.
- Múnla a tháirgeadh a thacóidh le hoideoirí/múinteoirí na luath-óige scrúdú a dhéanamh ar a gcuid oideolaíochta féin.
- Clár forbartha gairmiúla agus straitéisí tacaíochta a fhorbairt chun feabhas a chur ar éifeachtacht na hoideolaíochta i suímh oideachas na luath-óige in Éirinn.
- Meastóireacht a dhéanamh ar an gclár forbartha gairmiúla agus moltaí a dhéanamh faoi fhorbairtí beartais agus cleachtais amach anseo.
- Eiseamláirí agus múnlaí dea-chleachtais a fhorbairt chun caighdeán na gcleachtas oideolaíochta i réimse oideachas na luath-óige a threorú.
- Achoimre taighde a chuimsiú de réir torthaí an tionscadail.
Modheolaíocht
Beidh an tionscadal taighde seo bunaithe ar athbhreithniú ar litríocht ábhartha i ndáil le hoideolaíocht in oideachas na luath-óige agus ar Síolta, an Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige.
Beidh tiomsú sonraí trí mheán suirbhéanna, breathnóireachta agus modhanna comhairliúcháin thar raon éagsúil suímh oideachas na luath-óige i gceist leis. Ba chóir don sampla an éagsúlacht atá ina thréith d’earnáil oideachas na luath-óige in Éirinn a léiriú, agus aird ar leith a bheith tugtha ar thimpeallacht gheografach agus shocheacnamaíoch shuíomh oideachas na luath-óige, agus a mhéid a chláraítear leanaí le riachtanais oideachais speisialta.
|
|
|