An Lárionaid um Fhorbairt agus Oideachas Luath-Óige
Tionscnaimh Dírithe
Cúlra LFOLÓ Nuachtlitir Alana Ceisteanna a Fuarthas le Dana Acmhainní Ar Líne Téagmháil
 
 
Baile
Taighde LFOLO
Comhairliú
Tionscnaimh Dirithe
Comhdhálacha an Lárionaid
Bunachair
Foilseacháin an LFOLÓ
Leabharlann
Bhur Léirmheasanna
Siolta.ie
Amharc ar an suíomh i
i mBéarla | i nGaeilge

Creatlach um Ghníomh a Fhorbairt chun Leanaí
le Riachtanais Speisialta a Chuimsiú i Suímh
Oideachas na Luath-Óige

Awarded to: The Curriculum Development Unit, Mary Immaculate College Limerick in conjunction with Limerick City Childcare Committee
Key researchers: Eucharia McCarthy and Mary Moloney

Réamhrá

Is í aidhm an tionscadail seo Creatlach um Ghníomh a fhorbairt chun straitéisí agus idirghabhálacha praiticiúla a fhorbairt chun dea-chleachtas maidir le cuimsiú leanaí le riachtanais oideachais speisialta i suímh oideachas na luath-óige a chinntiú.

Tugann an litríocht taighde le fiche bliain anuas fianaise shuntasach faoi éifeachtacht na hidirghabhála déine luaithe do leanaí faoi mhíchumas. An dearcadh atá ann anois ná go bhfuilimid imithe níos faide ná tuiscint ghinearálta faoin tábhacht atá ag cláir idirghabhála, agus nár mhór dúinn mar sin a bheith tiomanta gnéithe sonracha cláir a aimsiú arb ionann iad agus soláthar cuí, agus a chuireann na torthaí is fearr ar fáil do leanaí agus dá dteaghlaigh, a oiriúnú chun freastal ar a riachtanais indibhidiúla.


Aidhmeanna an Tionscadail

Ar an gcéad dul síos, cuirfidh an chreatlach seo tacaíocht agus uirlisí ar fáil do Sheirbhís Tacaíochta Luath-Oideachais DEIS, ach mar sin féin, beidh siad luachmhar freisin do raon leathan proifisiúnach ag gabháil d’oideachas na luath-óige a fhorbairt agus a sholáthar do leanaí ó bhreith go haois sé bliana. Díreoidh an tionscadal ar shuímh éagsúla a chuireann cúram agus oideachas cuimsitheach ar fáil do leanaí ó bhreith go haois ceithre bliana. Go sonrach, is iad aidhmeanna an tionscadail:

  • Múnla a fhorbairt, ag scagadh an dea-chleachtais sa chuimsitheacht ó raon leathan taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta i ndáil le cuimsiú leanaí le riachtanais oideachais speisialta i suímh oideachas na luath-óige bunaithe air sin.
  • Creatlach um Ghníomh a shonrú agus a chur in iúl (lena n-áirítear treoirlínte, uirlisí praiticiúla agus gníomhaíochtaí forbartha gairmiúla) chun leanaí faoi bhun aois ceithre bliana le riachtanais oideachais speisialta a chuimsiú i suímh oideachas na luath-óige.
  • Idirghabháil a dhearadh agus a chur i bhfeidhm bunaithe ar chur i gcrích na Creatlaí um Ghníomh i raon suíomh.
  • Meastóireacht a dhéanamh ar thionchar na Creatlaí um Ghníomh laistigh de shuímh ó pheirspictíocht raon páirtithe leasmhara, lena n-áirítear cleachtóirí agus foireann tacaíochta riachtanas speisialta, tuismitheoirí agus leanaí.
  • Agus é bunaithe ar an meastóireacht, Creatlach um Ghníomh a choigeartú agus a fhorbairt atá úsáideach agus ábhartha thar raon suíomh, agus a bheidh scaipthe ar an earnáil níos leithne.


Torthaí an Tionscadail

Tacóidh an tionscadal le hobair Sheirbhís Tacaíochta Luath-Oideachais DEIS agus proifisiúnaigh eile in oideachas na luath-óige trí:

  • Corp fianaise cuimsitheach inrochtana a chur ar fáil, bunaithe ar athbhreithniú náisiúnta agus idirnáisiúnta, a scagann gnéithe dea-chleachtais maidir le leanaí a chuimsiú i suímh na mblianta luatha.
  • Múnlaí agus eiseamláirí dea-chleachtais reatha i suímh oideachas na luath-óige in Éirinn a aithint.
  • Creatlach um Ghníomh a fhorbairt a thabharfaidh tacaíocht phraiticiúil do straitéisí chun leanaí le riachtanais oideachais speisialta a chuimsiú i suímh oideachas na luath-óige.
  • An Chreatlach um Ghníomh a chur i bhfeidhm thar raon suíomh éagsúil chun cleachtas ardchaighdeáin a fhorbairt agus a fheabhsú.
  • Meastóireacht a dhéanamh ar rath agus ar theipeanna na Creatlaí um Ghníomh ó pheirspictíocht cleachtóirí, tuismitheoirí agus leanaí.
  • Tuairisc deiridh agus achoimre feidhmiúcháin ar thorthaí an tionscadail tríd is tríd a chur i dtoll a chéile, lena n-áirítear an t-athbhreithniú ar an litríocht, an próiseas cur chun feidhme, agus an Chreatlach um Ghníomh leasaithe a bheidh scaipthe ar earnáil níos leithne na luath-óige.


Modheolaíocht

Braithfidh baint amach an tionscadail seo ar thabhairt chun críche roinnt gnéithe atá leithleach ach gaolmhar. Beidh taighde cáipéise deascbhunaithe i gceist leis an gcéad ghné den tionscadal, ag scagadh an dea-chleachtais sa chuimsitheacht ó raon leathan taighde náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Beidh forbairt na Creatlaí um Ghníomh chun cleachtas ar ardchaighdeán a éascú i ndáil le cuimsiú leanaí le riachtanais oideachais speisialta i suímh oideachas na luath-óige bunaithe air sin.

Ansin, aithneoidh cleachtadh samplála raon suíomh a n-úsáidfear mar shuímh idirghabhála ina gcuirfear an Chreatlach um Ghníomh i bhfeidhm i gcleachtas. Is éard a bheidh i gceist leis seo ná raon beart, lena n-áirítear oiliúint, meantóireacht agus soláthar acmhainní, a úsáid chun tacú le cleachtóirí i suímh.

Beidh gné mheastóireachta an tionscadail ar siúl go comhuaineach leis an gcur i bhfeidhm seo, ag déanamh measúnachta ar thionchar na hidirghabhála ar eispéiris leanaí, cleachtóirí agus tuismitheoirí. Bainfear é seo amach trí raon modhanna, lena n-áirítear agallaimh agus breathnuithe, i measc modhanna eile.

Cuimseoidh an tuairisc deiridh agus an achoimre feidhmiúcháin gnéithe uile an tionscadail, lena n-áirítear Creatlach um Ghníomh, a bheidh inúsáidte go praiticiúil in earnáil níos leithne oideachas na luath-óige.






 
Dáta deireanach a
nuashonraíodh an suíomh:
8 September, 2010