An Lárionaid um Fhorbairt agus Oideachas Luath-Óige
Tionscnaimh Dírithe
Cúlra LFOLÓ Nuachtlitir Alana Ceisteanna a Fuarthas le Dana Acmhainní Ar Líne Téagmháil
 
 
Baile
Taighde LFOLO
Comhairliú
Tionscnaimh Dirithe
Comhdhálacha an Lárionaid
Bunachair
Foilseacháin an LFOLÓ
Leabharlann
Bhur Léirmheasanna
Siolta.ie
Amharc ar an suíomh i
i mBéarla | i nGaeilge

Ar Thóir Ardchaighdeáin: Go Leor Dearcaidh

Réasúnaíocht

Aithnítear go forleathan go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta go bhfuil cáilíocht luathchúraim agus eispéiris oideachasúil mar fhreagra riachtanach do riachtanais agus chearta páistí, chomh maith le bheith ina réamhtheachtaí dá n-oideachas agus foghlaim fadsaoil amach anseo. (Féach Hayes, 1995; Vandell & Wolfe, 2000; Whitebook, Howes & Phillips, 1989).

Cé nach bhfuil ach beagán taighde náisiúnta déanta ar cháilíocht, tá go leor tionscnamh ag leibhéal polasaithe agus go deimhin ag leibhéal cleachtaidh, a thugann léargas dúinn ar na cineál ceisteanna agus aincheisteanna a chaithfear a chur san áireamh chun tuiscint ardchaighdeán a fhorbairt. Taispeánann an Páipéar Bán ‘Ready to Learn’ ‘go bhfeictear cáilíocht go minic mar théarma measartha téibí, le sainmhíniú a éagsúlófar de réir peirspictíochtaí aonair’ (DES, 1999, p. 51). Tá sé barrthábhachtach don Lárionad agus creatlach cháilíochta do chúram agus oideachas luath-óige á fhorbairt acu in Éirinn modheolaíochtaí a fhorbairt chun na n-ilpheirspictíochtaí cáilíochta seo a bhaint amach – go háirithe peirspictíocht na bpáistí. Dá bharr seo, ba é cuspóir an tionscadail seo ná tuiscint níos fearr a ghnóthú maidir le ardchaighdeán i gcomhthéacs na hÉireann, go háirithe chun fáil a bheith ar na n-ilpheirspictíochtaí ar chiall na cáilíochta laistigh de thimpeallachtaí chúram agus oideachas na luath-óige in Éirinn.

Breathnóidh an tionscadal seo ar dhearcaidh éagsúla ar ardchaighdeán a bhíonn ag páirtithe leasmhara éagsúla i suímh éagsúla. Cruthóidh sé agus bailmheasfaidh sé uirlisí chun ardchaighdeán a thomhas. Beidh torthaí an taighde ina dtreoir agus ina dtaca d’ ardchaighdeáin náisiúnta.

Taighdeoir / Institiúid / Eagraíocht

Karen Mahony agus an Dr. Nóirín Hayes, CSER, DIT

Cur Síos Gearr ar an dTaighde

Rachaidh lucht déanta an tionscadail seo chun cainte leis an iliomad páirtithe leasmhara sa chúram luath-óige d’fhonn a gcuid tuairimí a bhreith leo maidir le brí an ardchaighdeáin trí mheán agallamha agus grúpaí fócais. Ar na páirtithe leasmhara seo beidh tuismitheoirí, leanaí, foireann feighlithe leanaí, ionadaithe pholasaí náisiúnta, agus ionadaithe a bhaineann le Coistí Chondae do Chúram Leanaí agus Eagraíochtaí Deonacha Náisiúnta. Scrúdóídh an tionscadal chomh maith ardchaighdeán infheicthe trí úsáid a bhaint as ECERS (Scála Measta Comhshaoil Luath-Óige) agus ITERS (Scála Measta Comhshaoil Leanbh/Lapadán) le chéile.


Is féidir an tuairisc a íoslódáil go díreach anseo.

In Search of Quality

Amharc ar an Achoimre Feidhmiúcháin anseocur fios orainn chun cóip foilsithe a fháil.









 
Dáta deireanach a
nuashonraíodh an suíomh:
8 September, 2010