|
|
|
|
Soláthar Spriocdhírithe Oideachas na Luath-Óige laistigh de Bhraisle de Shuímh DEIS
Awarded to: The Centre for Social and Educational Research, Dublin Institute of Technology
Key researchers: Dr. Nóirín Hayes and Dr. Mary O’Kane.
Réamhrá
Is í aidhm an tionscadail seo soláthar oideachais do leanaí trí agus ceithre bliana d’aois i mbraisle amháin de shuímh oideachas luath-óige DEIS (trí scoil agus trí réamhscoil fhriothálacha do gach scoil – 9 suíomh san iomlán) a chomhordú, a fheabhsú agus a mheas.
Is plean gnímh do chuimsitheacht oideachais atá forbartha agus foilsithe ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (ROE, 2005) é Comhionannas Deiseanna a chur i bhFeidhm i Scoileanna (DEIS). Leagann sé béim ar leith ar oideachas na mblianta luatha trí dhíriú ar ranganna naíonán i mbunscoileanna, agus, go háirithe, trí thacú le gnéithe oideachais na suíomh réamhscolaíochta as a dtagann leanaí na ranganna sin.
Mar a míníodh i gCuid 9 den Phlean Gnímh, tá an taighde agus an mheastóireacht mar ghnéithe lárnacha de chur i bhfeidhm DEIS agus cuirfidh an tionscadal seo sonraí múnlaitheacha agus suimitheacha araon ar fáil i ndáil le snáithe na straitéise a bhaineann le hoideachas na luath-óige.
Aidhm an Tionscadail
Is í aidhm an tionscadail seo feabhas a chur ar an soláthar oideachais do leanaí ag freastal ar bhraisle naoi réamhscoil agus trí bhunscoil atá áirithe i straitéis DEIS. Féachfaidh an tionscadal dul i mbun oibre le roinnt cleachtóirí agus múinteoirí in iarracht chun cur ar a gcumas tuiscint níos láidre agus níos doimhne a fháil ar oideolaíocht in oideachas na luath-óige. Beidh fócas curaclaim comhordaithe tugtha isteach agus curtha i bhfeidhm ag an tionscadal ar fud na suíomh réamhscoile agus na ranganna naíonán araon, agus díreoidh sé ar chleachtais chomhoibritheacha a chinntiú maidir leis an aistriú ó shuíomh amháin go suíomh eile. Go sonrach, is iad aidhmeanna an tionscadail:
- Díriú ar roinnt gnéithe sonracha den churaclam leathan, den oideolaíocht agus den chleachtas a thacaíonn le foghlaim agus forbairt leanaí.
- Clár forbartha gairmiúla a sholáthar do chleachtóirí agus múinteoirí chun níos mó forbartha a dhéanamh ar scileanna agus saineolas i ndáil le hoideolaíocht agus cleachtas.
- Próisis a fhorbairt do chomhoibriú idir réamhscoileanna agus ranganna naíonán bunscoileanna chun aistrithe réidhe a chinntiú ó thaobh cur chuige curaclaim agus oideolaíochta de.
- Straitéisí chun comhpháirtíocht tuismitheoirí leis na suímh atá i gceist a chur i bhfeidhm agus a mheas.
Torthaí an Tionscadail
Beidh roinnt torthaí praiticiúla leithleacha ag an tionscadal taighde seo, lena n-áirítear:
- Táirgeadh eiseamláirí de chleachtais churaclaim agus oideolaíochta éifeachtúla laistigh de shuímh oideachas na luath-óige a chuireann foghlaim agus forbairt leanaí chun cinn.
- Forbairt agus feidhmiú clár forbartha gairmiúil leanúnach atá dírithe ar churaclam agus oideolaíocht, comhpháirtíocht le tuismitheoirí agus cumarsáid idir réamhscoileanna agus bunscoileanna.
- Bunú agus measúnú raon straitéisí praiticiúla chun aistriú agus cumarsáid éifeachtúil idir suímh réamhscolaíochta agus suímh bhunscoile a chothú.
- Forbairt eiseamláirí dea-chleachtais chun comhpháirtíocht le tuismitheoirí a chur chun cinn agus a leathnú i suímh oideachas na luath-óige.
Modheolaíocht
Tá sé beartaithe go gcuirfear an tionscadal seo i bhfeidhm trí raon modhanna atá ar leithligh ach gaolta lena chéile. Ar dtús, cruthófar cás-staidéir nó próifílí de gach ceann de na suímh trí bhreathnuithe neamhstruchtúrtha agus agallamh.
Bainfidh snáithe ríthábhachtach amháin le forbairt agus feidhmiú modúil d’fhorbairt ghairmiúil leanúnach, atá dírithe go sonrach ar churaclam agus oideolaíocht. Beidh sé seo bunaithe cuid mhaith ar ábhair agus próisis Síolta, a chuireann creatlach chomhaontaithe ar fáil don chleachtas ardchaighdeáin in oideachas na luath-óige, le cois athbhreithniú mionsonraithe ar thaighde agus litríocht.
Cuirfear straitéisí i bhfeidhm chun comhpháirtíocht tuismitheoirí sna suíomh atá i gceist a chur chun cinn agus déanfar meastóireacht orthu. Trí shocruithe neamhfhoirmiúla agus roinnt seimineár áitiúla a bhunú, cuirfear próisis chomhoibritheacha i bhfeidhm agus cothófar iad chun cumarsáid agus plé níos mó idir suímh áitiúla a chur chun cinn.
Cuirfear timthriall de bhreathnuithe, aiseolas agus pleanáil i bhfeidhm sna suímh uile maidir leis na gnéithe ríthábhachtacha d’fheidhmiú curaclaim agus oideolaíocht, d’fhonn aiseolas múnlaitheach agus suimitheach a sholáthar do na rannpháirtithe uile.
|
|
|