|
|
|
|
Cúlra CECDE
I 2001 d’iarr an tAire Oideachais agus Eolaíochta ar Institiúid Teicneolaíocht Átha Cliath agus ar Choláiste Phádraig, Droim Conrach an Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige a bhunú i gcomhar lena chéile, agus Bord Bainistíochta a chruthú chomh maith. Is í aidhm an CECDE luathoideachas a fhorbairt agus a chomh-ordú de réir na gcuspóirí sa Pháipéar Bán Ready to Learn agus comhairle a chur ar an Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir le ceisteanna polasaí sa réimse seo. Cuimsíonn clár oibre an Lárionaid leanaí ó 0 go 6 bliana d’aois i réimse éagsúil suíomh, ina measc teaghlaigh, naíolanna, grúpaí súgartha, feighlithe leanaí, réamhscoileanna agus ranganna naíonán i mbunscoileanna.
Is iad príomh-chuspóirí an Lárionaid:
- Creatlach feabhais a fhorbairt don luathoideachas;
- Modhanna cabhraithe a fhorbairt ar bhun píolóide a bheidh dírithe go speisialta ar leanaí atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil agus do leanaí le
riachtanais speisialta; agus
- Bunsraith a ullmhú do bhunú na hÁisíneachta Luathoideachas mar a shamhlaítear sa Pháipéar Bán.
Sa gcomhthéacs seo, is iad feidhmeanna an Lárionaid:
- Caighdeáin fheabhais a fhorbairt sa luathoideachas i dtaca le gach gné den luathoideachas, ina measc fearas agus ábhar, cáilíochtaí foirne, oiliúint, cuspóirí foghlama, modhanna múinteoireachta,
curaclam agus nithe gaolmhara;
- Creatlach tacaíochta a fhorbairt chun lucht soláthar luathoideachas a spreagadh chun caighdeáin
fheabhais a shroicheadh;
- Soláthar luathoideachas a chomh-ordú agus a fheabhasú, páirteachas na dtuismitheoirí san áireamh, le fócas speisialta ar leanaí atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil agus do leanaí le
riachtanais speisialta;
- Taighde agus forbairt a sheoladh agus/nó a choimisiúnú trínar féidir sár-mhodhanna i gcúrsaí curaclaim, modhanna múinteoireachta agus páirteachas tuismitheoirí a chur i bhfeidhm agus a mheasúnú.
Cliceáil ar na naisc seo a leanas chun clár oibre agus straitéis taighde iomlán an Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige a fheiceáil.
Foireann an CECDEClic ar an nasc seo chun aithne a chur ar foireann an Lárionaid agus a gcuid sonraí téagmhála a fháil amach.
Tuarascáil Bhliantúil

Tá ár Tuarascáil Bhliantúil 2006 ar fáil anseo, chomh maith le tuarascáil bhliantúil le haghaidh 2005, 2004 agus 2003.
Nuachtlitir AlanaIs é Alana nuachtlitir an Lárionaid. Dá mba mhaith leat bheith ar liosta seachadta chun go gcuirfear scéala chugat nuair atá an chéad eagrán eile de Alana le foilsiú cuir r-phost chugainn led thoil.
Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí
Cliceáil anseo chun sonraí a fháil ar na himpleachtaí atá ag baint leis na Rialacháin maidir le hAthúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí 2005 .
Déan Téagmháil LinnClic ar an nasc seo chun dul i dtéagmháil linn nó ar an nasc seo chun fios a chur ar baill foireann CECDE.
|
|
|