|
|
|
|
Leabharlann an Lárionaid
Baineann an tSeirbhís Leabharlainne agus Faisnéise le Cúram agus Oideachas na Luathóige amháin agus tá níos mó ná 2,000 acmhainn i gceist. Mar sin tacaíonn sé le hIonad Náisiúnta Acmhainní na Leanaí i mBarnardos, maraon le Leabharlann Cregan Choláiste Phádraig agus Leabharlann Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, óna bhfaighimid féin eolas.
Cé go bhfuil an tSeirbhís Leabharlainne agus Faisnéise fós óg, agus tá súil againn go mbeidh seirbhís níos iomláine le fáil amach anseo, déanfaimid iarracht déileáil le gach iarratas ar eolas. Níl aon phleananna ann faoi láthair seirbhís iasachtaí a chur ar fáil ach tá fáilte roimh úsáideoirí coinne a dhéanamh chun cuairt a thabhairt ar an leabharlann agus tá inneall fotachóipeála agus deasc ann. Má tá alt nó caibidil ag teastáil, is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Faisnéise agus beidh sé sásta é seo a chóipeáil agus é a chur sa phost.
Tá foirmeacha cóipchirt le fáil agus iarrtar ar úsáidéoirí iad a líonadh agus a sheoladh ar ais chuig an Oifigeach Faisnéise nuair is gá.
Táimid ag súil le plé le bhur riachtanais eolais agus is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag an seoladh thíos:
Peadar Cassidy
Oifigeach Faisnéise
Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige
Coláiste Phádraig
Droim Conrach
Baile Átha Cliath 9
Teil: 01 8842113
Facs: 01 8842111
Ríomhphost: peadar.cassidy@spd.dcu.ie
|
|
|