|
|
|
|
Taighde an Lárionaid
Bhí an Lárionad ariamh tiomanta go láidir do thaighde atá bunaithe ar fhianaise agus sinn ag cur i gcrích an chúraim leathan atá orainn oideachas luath-óige a chomhordú agus a fheabhsú in Éirinn. Ó bunaíodh sinn i 2002 tá ár dtaighde féin gafa de láimh agus foilsithe againn agus tá scoláireachtaí Ph D maoinithe agus tacaithe againn chomh maith le tionscadail spriocdhírithe i réimse an mhíbhuntáiste oideachasúil agus na riachtanas speisialta.
Mic Léinn Taighde an Lárionaid
I 2003, bhí ceathrar mhac léinn dochtúireachta earcaithe againn d’fhonn freagairt ar inniúlacht taighde na hEarnála um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige agus í a láidriú. Tá siad beagnach críochnaithe agus tá súil againn go mbeidh a gcuid taighde le fáil ar an suíomh gréasáin seo níos déanaí sa bhliain seo.
Chuir dara sraith Mic Léinn PhD tús lena gcuid taighde i 2008 agus tá na sonraí futhu anseo.
Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais a fháil maidir leis na Mic Léinn Taighde.
Tionscnaimh Dírithe
Ba ceann de na príomhchuspóirí an Lárionaid ná idirghabháil sonraithe a fhorbairt ar bhonn píolótá do pháistí atá faoi mhíbhuntáiste oideachasúil agus páistí ag a bhfuil riachtanais speisialta. Agus breis eolais a léamh mar gheall ar na tionscnaimh seo, cliceáil
anseo.
Foilseacháin an Lárionaid
Is féidir amharc ar foilseacháin an Lárionaid - páipéir chomhdhála, ailt foilsithe, aighneachtaí pholasaí - anseo.
DEIS: Beart Tacaíochta d’Oideachas Luath-Óige
Rinne an CECDE taighde ar son an Early Years Education Policy Unit atá lonnaithe sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta maidir leis an Beart Tacaíochta d'Oideachas Luath-Óige do DEIS. Tuilleadh eolais ach cliceáil anseo.
|
|
|