An Lárionaid um Fhorbairt agus Oideachas Luath-Óige
Comhairliú
Cúlra LFOLÓ Nuachtlitir Alana Ceisteanna a Fuarthas le Dana Acmhainní Ar Líne Téagmháil
 
 
Baile
Taighde LFOLO
Comhairliú
Tionscnaimh Dirithe
Comhdhálacha an Lárionaid
Bunachair
Foilseacháin an LFOLÓ
Leabharlann
Bhur Léirmheasanna
Siolta.ie
Amharc ar an suíomh i
i mBéarla | i nGaeilge

Comhairliú ar an
Dréachtionstraim Féinmheasúnaithe

Tá an CECDE ag tógáil ar an mbunsraith a leagadh síos le lainseáil Síolta: An Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige i 2006 tríd an bpróiseas atá ar siúl ag an eagraíocht faoi láthair chun modhanna oibre measúnaithe a fhorbairt leis an gCreatlach a chomhlánú agus le cur ar a chumas don Ionad é a chur i ngníomh. Tar éis dó athbhreithniú a dhéanamh ar mhodhanna oibre don mheasúnú sa tír seo agus thar lear, molann an tIonad gur chóir próiseas trí chéim a bheith ann:

  • Céim 1: Clárú – lena n-áirítear léiriú spéise ó thaobh an tsuímh ECCE, scaipeadh na faisnéise ábhartha (léargas ar phróisis Síolta, treoirlínte maidir le híosriachtanais don chlárú agus fianaise go bhfuiltear ag géilleadh do reachtaíocht agus do rialacháin ábhartha, Lámhleabhair Síolta don Úsáideoir, cóip de na Treoirlínte don Phunann, Bailiú Fianaise agus Doiciméadú, agus foirm Chláraithe) agus an cinneadh dul ar aghaidh leis.
  • Céim 2: Bailiú Fianaise – lena n-áirítear eolas a fháil ar na Treoirlínte don Phunann, ar an Doiciméadú agus ar an mBailiú Fianaise agus ar an Ionstraim Féinmheasúnaithe.
  • Céim 3: Bailmheas –meastóireacht sheachtrach a bheith déanta ar na próisis inmheánacha chun cáilíocht a fhorbairt agus toradh na sonraí múnlaitheacha agus suimitheacha araon.
Céim a dó á fhorbairt faoi láthair ag an CECDE i. Treoirlínte don Phunann, Doiciméadú agus Bailiú Fianaise agus an Ionstraim Féinmheasúnaithe. Le deireanas rinne an Lárionad próiseas comhairliúcháin lena Choiste Comhairleach faoi Uirlis Féinmheasúnachta nua-fhorbartha Síolta agus na hEiseamláirí lena gabhann. San iomlán, thug 44% de na heagraíochtaí ionadaíocha ar an gCoiste freagra; áirítear orthu sin 100% de na heagraíochtaí le ról maidir le tacú le cleachtas ardchaighdeáin san earnáil COLO. D’fhormhuinigh formhór na bhfreagróirí an uirlis agus na heiseamláirí ag gach leibhéal. Mar sin féin, mhol líon beag freagróirí mionathruithe nó mionleasuithe a mheas an CECDE, agus rinneadh leasuithe mar ba chuí.

I ndiaidh próiseas comhairliúcháin mionchruinn agus leasú na huirlise agus na n eiseamláirí, bunaíodh Fóram Comhairleach Cleachtóirí neamhfhoirmiúil chun iniúchadh a dhéanamh ar an teanga a úsáideadh agus ar inneachar na n-eiseamláirí a bhain go sonrach le gach cineál suímh.

Le formhuiniú ard ón earnáil, tá an Lárionad sásta go léiríonn na leasuithe a rinneadh ar an uirlis agus ar a heiseamláirí dea-chleachtas i gcomhthéacs na hÉireann agus anois táimid réidh treoirthionscadal a dhéanamh leis an uirlis seo i mí Mheán Fómhair. Ba bhreá linn an deis seo a thapú le buíochas a ghabháil leis na heagraíochtaí agus cleachtóirí uile a rannchuidigh leis an bpróiseas thuas trí mheán Choiste Comhairleach an Lárionaid agus trí mheán an Fhóraim Chomhairligh Cleachtóirí. Mar i gcónaí, is mór againn an t-am a chaitheann daoine agus na hiarrachtaí a dhéanann siad chun cáilíocht san earnáil COLO a fhorbairt agus chun tacú léi.

Chun cur síos níos mionchruinne a fháil ar thorthaí an chomhairliúcháin, féach ar cur i láthair a thug Karen Mahony faoi.

Leanfaidh an CECDE de bheith ag forbairt na dTreoirlínte don Phunann, don Doiciméadú agus do Bhailiú na Fianaise, chomh maith leis na hIonstraimí Bailmheasa agus déanfaidh sé comhairliúchán ar na huirlisí sin nuair a bhainfidh siad a ndréachtchéim amach.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar phróisis agus ar mhodhanna oibre atá á moladh ag an CECDE, iarrtar ort teagmháil a dhéanamh le Karen Mahony, Oifigeach Forbartha.






 
Dáta deireanach a
nuashonraíodh an suíomh:
5 February, 2012