|
|
|
|
Ard-Chaighdeán Faoi Chaibidil
Tuarascáil ar Phróiseas Comhairliúcháin ar Ard-Chaighdeán i gCúram agus in Oideachas na Luath-Óige
Réasúnaíocht
Tá an Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luathóige tar éis roinnt seimineár comhairleach a sheoladh ar
cheist na ‘Ard-Chaighdeán i gCúram agus Oideachas na Luathóige.’ Tá sé seo de réir na dtéarmaí tagartha a tugadh don
Lárionad caighdeáin náisiúnta cáilíochta a fhorbairt “in the areas identified in the White Paper (curriculum and
methodology, equipment and materials, staff and qualifications) and in relation to parental involvement.”
(CECDE, 2001: 4). Is cuid lárnach den phróiseas seo é dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ar fad, ina measc
tuismitheoirí agus caomhnóirí, leanaí, múinteoirí agus cúramóirí, lucht ceapaithe polasaí agus cleachtóirí.
Cen chaoi?
Tá sé seimineár beartaithe sa tréimhse comhairliúcháin tosaigh seo:
- Óstán Sheldon Park, Bóthar Kylemore, BAC 10 ar 20ú Deireadh Fómhair
- Óstán Rochestown Park, Dubhghlas, Corcaigh ar 23ú Deireadh Fómhair
- Óstán Chuan na Gaillimhe, Bóthar na Trá, Gaillimh ar 29ú Deireadh Fómhair
- Óstán Hillgrove, Muineachán ar 24ú Samhain
- Óstán Hodson Bay, Áth Luain ar 25ú Samhain
- Óstán Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe ar an 27ú lá de mhí na Samhna
Maraon leis sin, is féidir an t-aiseolas a líonadh isteach ar ár suíomh Gréasáin www.cecde.ie suas go dtí 12 mí na
Nollaig dóibh siúd nach bhfuil in ann freastal ar na seimineáir.
Is é seo a leanas formáid na gcomhairliúchán. Thosaigh gach seimineár le cur i láthair gearr ar an Lárionad um
Fhorbairt agus Oideachas na Luath-óige, a thugann cuntas ar ár mbunús, ár bhfeidhmeanna agus ár ndul chun
cinn go nuige seo. Thug cur i láthair gearr eile cuntas ar réasúnaíocht agus formáid do chomhairliúchán na hoíche
sin. Roinn an lucht freastail ansin i ngrúpaí beaga díospóireachta, gach ceann acu lena éascaitheoir féin chun
an díospóireacht a éascú agus a thaifeadadh. Iarrtar ar gach rannpháirtí foirm ghearr aiseolais a líonadh isteach,
ag díriú na díospóireachta ar thrí cheist lárnach:
- An Ard-Chaighdeán a Shainmhíniú
- An Ard-Chaighdeán a Mheasúnú
- An Ard-Chaighdeán a Thacú
I ndeireadh na hoíche bhí seisiún gearr aiseolais a ligeann do rannpháirtithe aiseolas a fháil láithreach ar na
ceisteanna a cuireadh i rith an tráthnóna. Is féidir cuntas cuimsitheach ar an gcomhairliúchán ar fad a léigh thíos.
Cliceáil anseo chun an tuarascáil iomlán
Ard-Chaighdeán Faoi Chaibidil - Tuarascáil ar Phróiseas Comhairliúcháin ar Ard-Chaighdeán i gCúram agus in
Oideachas na Luath-Óige a fháil.
Is féidir an chaibidil is fearr leat a fháil anseo:
Chapter 1. Introduction
Chapter 2. Rationale
Chapter 3. Methodology
Chapter 4. Presentation of Findings
Chapter 5. Discussion
Chapter 6. Conclusions
Appendices
Cliceáil anseo chun an achoimre feidhmiúcháin
Ard-Chaighdeán Faoi Chaibidil - Tuarascáil ar Phróiseas Comhairliúcháin ar Ard-Chaighdeán i gCúram agus in
Oideachas na Luath-Óige a fháil.
|
|
|