An Lárionaid um Fhorbairt agus Oideachas Luath-Óige
Comhairliú
Cúlra LFOLÓ Nuachtlitir Alana Ceisteanna a Fuarthas le Dana Acmhainní Ar Líne Téagmháil
 
 
Baile
Taighde LFOLO
Comhairliú
Tionscnaimh Dirithe
Comhdhálacha an Lárionaid
Bunachair
Foilseacháin an LFOLÓ
Leabharlann
Bhur Léirmheasanna
Siolta.ie
Amharc ar an suíomh i
i mBéarla | i nGaeilge

Comhairliú

Coiste Comhairleach an Lárionaid

Tá Coiste Comhairleach bunaithe ag an Lárionad chun eolas a thabhairt don earnail maidir le dul chun cinn an Lárionad; chun deis a thabhairt dóibh a ndearcadh a chur i láthair; agus fóram a bheith ann chun ceisteanna a phlé maidir le oideachas na luath-óige.

Tuilleadh eolas ach clic ar an nasc seo.


ar ais go barr
 

Comhairliú ar an Dréachtionstraim Féinmheasúnaithe

Tá an CECDE ag tógáil ar an mbunsraith a leagadh síos le lainseáil Síolta: An Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige i 2006 tríd an bpróiseas atá ar siúl ag an eagraíocht faoi láthair chun modhanna oibre measúnaithe a fhorbairt leis an gCreatlach a chomhlánú agus le cur ar a chumas don Ionad é a chur i ngníomh. Scaoileadh bundréacht na hIonstraime Féinmheasúnaithe don chomhairliúchán le Coiste Comhairliúcháin an Ionaid le déanaí. Tar éis an chomhairliúcháin seo, déanfar athbhreithniú ar an Dréachtionstraim Féinmheasúnaithe ag cuimhneamh ar an aiseolas a fhaightear agus cuirfear tuilleadh faisnéise ar an leathanach seo.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar phróisis agus ar mhodhanna oibre atá á moladh ag an CECDE, cliceáil anseo.


ar ais go barr
 

Comhairliúchán ar Síolta - A Guide for Parents

Is é aidhm leis an Síolta - A Guide for Parents an treoir ná intreoir a thabhairt do thuismitheoirí ar na gnéithe éagsúla den gCreatlach Náisiúnta Cáilíochta agus ar an tairbhe a bhaineann léi maidir le cur le luathoideachas a leanaí.

Cliceáil anseo chun amharc ar tuilleadh eolas maidir leis ár Comhairliúchán ar Síolta - A Guide for Parents.


ar ais go barr
 

Comhairliúchán le Thuismitheoirí ar an CNC

Thionól an Lárionad comhairliúchán le grúpa atá ionadaitheach do thuismitheoirí as na Coistí Chondae Chúram Leanaí agus do Chomhairle Náisiúnta na dTuismitheoirí i mBaile Átha Cliath i mí Márta 2005. Thug an grúpa a dtuairimí mar thuismitheoirí dúinn ar obair an Lárionaid, go háirithe a dtuairimí ar Phrionsabail na Creatlach Náisiúnta Cáilíochta. Ba mhaith linn ár mbuíochas a ghabháil don lucht a ghlacadh pháirt sa comhairliúcháin sin - tá tuairisc á scríofa againn agus beidh sé le fáil anseo le tamall anuas.

Mar chuid den tionscnamh seo bhí comhairliúcháin ar líne anseo againn. I rith mhí Mhárta 2005 bhíodh cuireadh do chuile tuismitheoir páirt a ghlacadh sa chomhairliúchán seo agus ráiteas a thabhairt ar Phrionsabail na CNC agus feidhm á baint acu as an doiciméad comhairliúcháin a bhí le fáil ar líne.

Cliceáil anseo chun amharc ar tuilleadh eolas maidir leis ár gComhairliúchán le Thuismitheoirí ar an CNC.


ar ais go barr
 

Formáid An Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta in Éirinn

Nuair a bhí an Chreatlach scríofa againn, bhí comhairliúcháin againn maidir leis bhformáid is oiriúnaí chun iad a chur i láthair an réimse leathan chleachtóirí in earnáil COLÓ in Éirinn agus ba mhaith linn ár mbuiochas a ghabháil don lucht a thug a dtuairimí dúinn faoi seo i 2004.


ar ais go barr
 

Comhairliú ar Ard-Chaighdeán i gCúram agus in Oideachas na Luath-Óige

Tá sé riachtanach i gcomhair forbairt ard-chaighdeáin náisiúnta go n-iarraimid go gníomhach tuairimí agus dearcaithe na bpáirtithe leasmhara go léir atá gafa le soláthar oideachais luathóige do leanaí san aois-réimse ó bhreith go sé bliana. Chuir an sraith seo comhairliúchán na nithe seo leanas chun cinn:
  • Comhrá agus díospóireacht
  • Roinnt na faisnéise agus an tsaineolais i measc réimse leathan páirtithe leasmhara
  • Fás an chomhaontaithe maidir le ceisteanna lárnacha a bhaineann le cáilíocht
  • Tábhacht na gcaighdeán cáilíochta do na páirtithe leasmhara go léir i ngach uile suíomh
Clic ar an nasc seo chun breis eolas a fháil mar gheall ar ár gComharliú ar Ard-Chaighdeán i gCúram agus in Oideachas na Luath-Óige.

ar ais go barr
 







 
Dáta deireanach a
nuashonraíodh an suíomh:
3 September, 2010