An Lárionaid um Fhorbairt agus Oideachas Luath-Óige
Taighde ar ChOLÓ
Cúlra LFOLÓ Nuachtlitir Alana Ceisteanna a Fuarthas le Dana Acmhainní Ar Líne Téagmháil
 
 
Baile
Taighde LFOLO
Comhairliú
Tionscnaimh Dirithe
Comhdhálacha an Lárionaid
Bunachair
Foilseacháin an LFOLÓ
Leabharlann
Bhur Léirmheasanna
Siolta.ie
Amharc ar an suíomh i
i mBéarla | i nGaeilge

DEIS (Delivering Equality of Opportunity
In Schools): Plean Gnímh don
Chuimsiú san Oideachas

Beart Tacaíochta d’Oideachas Luath-Óige

I Mí Bhealtaine 2005 sheol an Roinn Oideachais agus Eolaíochta (DES) Plean Gnímh nua don Chuimsiú san Oideachas dar teideal “DEIS” (Delivering Equality of Opportunity In Schools). Ba thoradh é an Plean Gnímh ar athbhreithniú a rinneadh ar na cláir thacaíochta a bhí i bhfeidhm cheana féin chun tacú le leanaí agus daoine óga atá 3-18 bliana d’aois ó cheantair faoi mhíbhuntáiste. I ndiaidh an athbhreithnithe seo, d’oibrigh DEIS leis na cláir a bhí ann cheana agus ar éirigh leo tabhairt faoin míbhuntáiste oideachais a chomhordú . Tugadh isteach roinnt tacaíochtaí nua ar bhonn na gclár seo. Ar cheann de na Cláir Tacaíochta Scoile (School Support Programmes nó SSP) a moladh bhí clár a bhí dírithe ar sholáthar an oideachais luath-óige agus ar na tacaíochtaí a neartú. Ba é an snáithe seo de Phlean Gnímh DEIS a raibh cabhair de dhíth air ón CECDE.


Céim 1: Staidéar Taiscéalaíoch Le Bunscoileanna Uirbeacha Banda 1

Tar éis dóibh iarratas a fháil ón Roinn Oideachais agus Eolaíochta (DES), rinne an Lárionad Oideachais agus Forbartha don Luath-Óige (CECDE) suirbhé ar bhunscoileanna roghnaithe uirbeacha DEIS i mBanda 1 schools le roinnt eolais a fháil maidir le leibhéal na tacaíochta réamhscoile a bhí ar fáil do na scoileanna sin. De réir an iarratais ón Roinn, cuireadh gach bunscoil i mBanda I a bhfuil iontógáil de naíonáin shóisearacha san áireamh sa suirbhé. Iarradh ar gach scoil sonraí a thabhairt den trí réamhscoil friothálacha is mó atá aici agus a rá, más féidir sin, an sruth maoinithe lena mbaineann gach ceann acu. Lena chois sin, iarradh ar na scoileanna líon na hiontógála i Naíonáin Shóisearacha a thabhairt do na scoilbhlianta 2005/6 agus 2006/7, agus líon na leanaí i ngach bliain a d’fhreastail ar réamhscoil.

Tar éis an staidéir thaiscéalaíche seo, rinneadh na moltaí seo a leanas:
  1. An sampla iomlán 275 réamhscoil agus 123 Bunscoil Uirbeacha Banda 1 a laghdú.
  2. Domhainfhiosrú a dhéanamh ar Sholáthar na Réamhscoileanna Friothálacha.


Céim 2: Sampla de na Réamhscoileanna Aitheanta
a Scagadh

Tar éis an Staidéir Thaiscéalaíche, d’ullmhaigh an CECDE doiciméad chun fiosrú a dhéanamh ar na paraiméadair fhéideartha chun na réamhscoileanna aitheanta a roghnú. Mhol an doiciméad go gcuirfí san áireamh na scoileanna a d’aithin trí réamhscoil fhriothálacha agus go mbeadh ar na bunscoileanna na trí chritéar seo a chomhlíonadh:

  1. Caithfidh gach bunscoil bheith i suíomh ó thaobh tíreolaíochta de inar féidir leo cnuasghrúpa a dhéanamh le dhá bhunscoil eile ón gceantar céanna.
  2. Beidh na cnuasghrúpaí seo scaipthe ar fud na hÉireann lena chinntiú go mbeidh ionadaíocht ann ar fud na tíre.
  3. Beidh roinnt Gaelscoileanna san áireamh sa sampla.
  4. Cuimseoidh an sampla leanaí ó chúlraí cultúrtha ilchineálacha.
Tar éis na mBunscoileanna a aithint, cuireadh na réamhscoileanna friothálacha leo. Ar an mbealach seo, cruthaíodh na sé chnuasghrúpa thíreolaíocha, a bhfuil 3 bunscoil agus tuairim is 9 réamhscoil fhriothálacha i ngach ceann acu.


Céim 3: Scrúdú Níos Mó ar na Réamhscoileanna
Friothálacha

Rinne an CECDE teagmháil dhíreach leis na réamhscoileanna aitheanta seo le tuilleadh eolais a fháil faoi na seirbhísí a chuireann siad ar fáil agus cad iad na tacaíochtaí a shíleann siad a chabhródh leo ina gcuid oibre. Tá cur síos gairid ar na príomhthorthaí le fáil thíos.
Achoimre ar Thorthaí na hAnailíse ar Riachtanais
Seo iad na saincheisteanna ar chuir cleachtóirí a bhí páirteach ann béim orthu mar riachtanais thábhachtacha: bhain dhá thrian de na freagraí le feabhsú cáilíochta agus bhain 39% le comhairle ó shaineolaithe agus 27% acu le riachtanais oiliúna.
  • Comhairle Ó Shaineolaithe
    Maidir le Comhairle ó Shaineolaithe, rátaíodh na freagraí de réir mhínicíocht na bhfreagraí ó na cleachtóirí. Tá na torthaí liostaithe thíos in ord tábhachta de réir mar a chuir na cleachtóirí in iúl.
    1. Tuilleadh eolais ar Chomhairle ar thimpeallachtaí Cáilíochta
    2. Tuilleadh eolais ar Shíolta
    3. Tuilleadh tacaíochtaí curaclaim agus meantóireacht ó shaineolaí sa Luath-Oideachas
    4. Deiseanna don líonrú le cleachtóirí eile
    5. Tacaíocht ar an teileafón


  • Oiliúint
    Baineann na freagraí maidir leis an Oiliúint le trí chatagóir. Ba é an maoiniú chun teacht ar oiliúint an cheist is tábhachtaí, agus ansin an riachtanas le teacht ar oiliúint inseirbhíse agus, rud nach raibh ar chomhthábhacht leis na rudaí eile, tráth scaoilte le freastal ar an oiliúint.

  • Bainteacht Tuismitheoirí
    Is iad seo a leanas na tacaíochtaí a iarradh i limistéir “Bhainteacht na dTuismitheoirí”, in ord a dtábhachta de réir mar a d’aithin cleachtóirí iad: maoiniú d’oiliúint tuismitheoirí; leabharlann iasachta do leanaí a chur ar fáil agus nuachtlitir do thuismitheoirí a mhaoiniú.

  • Faisnéis
    Is iad seo na riachtanais faisnéise de réir na gcleachtóirí in ord a dtábhachta: teacht ar leabharlann áiseanna, teacht ar nuachtlitir a chuirfeadh faisnéis ar fáil faoin oideachas luath-óige agus lena chois sin faisnéis á scaipeadh trí ghréasán ar líne nó tacaíochtaí eile ar an ngréasán.



Todhchaí Sholáthar Oideachais Luath-Óige do DEIS

Mar gheall ar an taighde atá déanta ag CECDE maidir le snáithe Sholáthar Oideachas Luath-Óige DEIS, bhí an Lárionad in ann cabhrú leis an Aonad Polasaí Oideachais Luath-Óige sa Roinn Oideachais agus Eolaíochta roinnt moltaí a fhorbairt le tabhairt faoi riachtanais na réamhscoileanna aitheanta. Tá súil againn go dtosóidh cur i bhfeidhm na moltaí go luath.


Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Phlean Gnímh DEIS don Chuimsiú Oideachais anseo.

Cliceáil anseo chun amharc ar na sonraí maidir le deis maoinithe nua atá fógraithe go luath le haghaidh naíonraí i gceantair faoi mhíbhuntáiste. Tá an maoiniú, a bheidh á riaradh ag CECDE, á thabhairt isteach faoin snáithe Oideachas Luath-Óige de chlár DEIS (Delivering Equality of Opportunity in Schools) agus cuireadh é ar fáil ó chiste na gCuntas Díomhaoin.

Déan téagmháil le Bronagh Cleland le ceist ar bith mar gheall ar pháirtíocht an Lárionaid le DEIS.











 
Dáta deireanach a
nuashonraíodh an suíomh:
8 September, 2010