|
|
|
|
Beart na gCuntas Díomhaoin um Fheabhsú Chaighdeán na Naíonraí
Ba é an dáta deiridh d’iarratais ná 5in ar an Aoine, 4 Iúil 2008 agus tá sé thart anois.
Ba mhaith leis an Roinn Oideachais agus Eolaíochta beart maoinithe nua a fhógairt atá ar oscailt do naíonraí a bhíonn ag cur leanaí go dtí Bunscoileanna i mBanda Uirbeach 1 de chuid DEIS.
Is é an aidhm atá leis an tionscnamh maoinithe seo ná le tacú le agus feabhsú a dhéanamh ar an ard-chleachtas i suíomh na naíonraí.
Tá an maoiniú á thairiscint le tacú le cur i bhfeidhm na mbeart caighdeáin a bhfuil cur síos orthu in
Síolta, an Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta d’Oideachas na Luath-Óige. Cuirtear fáilte ar leith roimh iarratais a thacaíonn leis na réimsí seo a leanas, maidir le Caighdeáin Síolta:
- Tionscnaimh chun tuismitheoirí a chur san áireamh agus le tacú leo
- Tionscnaimh a thacaíonn le cuimsiú na leanaí a bhfuil riachtanais speisialta acu
- Tionscnaimh a thacaíonn le cuimsiú na leanaí ó ghrúpaí na mionlach eitneach
- Tionscnaimh a thacaíonn le haistriú rathúil ón mbaile go dtí an naíonra
- Tionscnaimh a thacaíonn le haistriú rathúil ón naíonra go dtí an bhunscoil.
Cé mhéad maoinithe atá ar fáil?
Is féidir iarratas a chur isteach ar dheontas aon uaire de luach uasta €10,000 in aghaidh an tsuímh naíonra.
Cé dó a bhfuil an scéim ar oscailt?
Tá an scéim ar oscailt do naíonraí (seachas Early Start) a bhíonn ag freastal ar leanaí atá ina mbliain deiridh sa naíonra, sula n-aistreoidh siad go dtí Bunscoil i mBanda Uirbeach 1 de chuid DEIS.
Conas a gheobhaidh mé amach má cháilíonn mo naíonra-sa di?
Má tá leanaí ó do naíonrasa cláraithe do na Naíonáin Shóisearacha i Meán Fómhair 2008, i mBunscoil atá i mBanda Uirbeach 1 de chuid DEIS, beidh tú cáilithe le hiarratais a chur isteach. Cliceáil anseo le haghaidh liosta de Bhunscoileanna atá i mBanda Uirbeach 1 de chuid DEIS.
Ba é an dáta deiridh d’iarratais ná 5in ar an Aoine, 4 Iúil 2008 agus tá sé thart anois.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar Phlean Gnímh DEIS don Chuimsiú Oideachais anseo.
Cliceáil anseo chun tuilleadh eolais a léamh maidir le pháirtíocht an Lárionaid le DEIS.
Déan téagmháil le Bronagh Cleland, Oifigeach Forbartha, anseo.
|
|
|