Spléachadh ar an Ardchaighdeán
Athbhreithniú ar Bheartas, Cleachtas agus Taighde Náisiúnta a Bhaineann leis an Ardchaighdeán i gCúram agus Oideachas Luath-Óige in Éirinn 1990-2004
Maresa Duignan agus Thomas Walsh a rinne an taighde agus a scríobh
Cuireann an tuairisc seo i láthair athbhreithniú sonraithe ar na cáipéisí a bhaineann le cáilíocht i gcúram agus oideachas na luath-óige. Tá athbheochan tagtha ar bheartas, ar chleachtas agus ar thaighde sa réimse seo in Éirinn ó luath sna 1990idí. Mar thoradh air sin, tá méadú tagtha ar an líon cáipéisí a bhaineann leo, go háirithe ó tugadh isteach rialúchán reachtúil ar sheirbhísí réamhscoile i 1997.
Pléitear le cáipéisí beartas, cleachtas agus taighde i gcaibidlí ar leith.
- Cuirtear i láthair go beacht, soiléir an líonra casta beartas a bhaineann le Cúram agus Oideachas na Luath-Óige in eagraíochtaí reachtúla augs neamhreachtúla, mar aon leis na himpleachtaí atá aige sin d’obair an Lárionad maidir le Creatlach Náisiúnta Cáilíochta (CNC) a fhorbairt.
- Mar chuid den chuardach d’fhianaise cháipéise de thionscnaimh phraiticiúla a bhaineann le cáilíocht, thángthas ar thaisce shaibhir eolais agus saineolais a sholáthraíonn léargas agus treoir luachmhar maidir le forbairt agus cur i bhfeidhm na CNC. Déantar achoimre ar agus cuirtear i láthair na himpleachtaí foriomlána a bhaineann leis an stór ábhar sin.
- Cé gur beag taighde atá curtha i gcrích go hiondúil ar bhonn náisiúnta maidir le saincheist na cáilíochta i gCúram agus Oideachas na Luath-Óige (COLÓ), tá cuid mhór eagraíochtaí agus taighdeoirí aonracha ag plé le príomhcheisteanna na cáilíochta le deich mbliana anuas. Sa rannóg seo, pléitear lena gcuireann an saothar seo leis an scéal ina iomláine agus cuirtear i láthair na himpleachtaí a bhaineann le forbairt na CNC.
Críochnaíonn an tuarascáil le plé ar na téamaí ginearálta atá tagtha chun cinn ón athbhreithniú maidir le cáilíocht i gCOLÓ a shainmhíniú agus a mheas agus tacaíocht lena haghaidh. Cuirtear sintéis de na téamaí sin i láthair in éineacht le hocht moladh do ghnímh amach anseo i dtreo fhorbairt, chur i ngníomh agus chothabháil Chreatlach Náisiúnta Cáilíochta i gCOLÓ in Éirinn.
Is féidir Spléachadh ar an Ardchaighdeán a fháil anseo nó i gcaibidil thíos:
|