Making Connections
A Review of International Policies, Practices and Research Relating to Quality in Early Childhood Care and Education
Edited by Heino Schonfeld, Dr. Gemma Kiernan and Thomas Walsh
Tá go leor ag tarlú go hidirnáisiúnta maidir le ceist na cáilíochta i gCúram agus Oideachas na Luath-Óige. Cé go dtabharfaidh an CNC léargas ar fhorbairtí in Éirinn le blianta beaga anuas, tá sé tábhachtach tuiscint a bhaint amach ar mhúnlaí de bheartais, cleachtais agus taighde maidir le cáilíocht go hidirnáisiúnta. Tá go leor le foghlaim ón rath agus ó na teipeanna a tharla i dtíortha eile agus soláthraíonn comparáidí idir tíortha
difriúla deis chun machnamh criticiúil a dhéanamh ar thuairimí agus ar chleachtais in Éirinn.
I gcomhairliúchán leis an Lárionad, roghnaigh an LTSO seacht dtír don athbhreithniú. Roghnaíodh iad chun léargas maith a thabhairt ar mhúnlaí áirithe de sholáthar Chúram agus Oideachas na Luath-Óige go hidirnáisiúnta. Is iad na tíortha atá i gceist ná an Ghearmáin, an Iodáil, Tuaisceart Éireann, an Phortaingéil, an tSualainn, an Iorua agus an Nua-Shéalainn. Measadh go raibh sé tábhachtach Tuaisceart Éireann a chur san áireamh mar gheall ar a chóngaraí is atá sé dúinn go geografach agus as siocair go dteastaíonn uainn bogadh i dtreo chomhionannú polasaithe faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.
Tá imlíne ann ar chomhthéacs an athbhreithnithe agus anailís ghonta ar chastacht choincheap na cáilíochta i gCúram agus Oideachas na Luath-Óige. Ina dhiaidh sin tá próifíl ar gach tír aonarach. Mar gheall ar éagsúlachtaí i struchtúr agus feidhmiú sholáthar Chúram agus Oideachas na Luath-Óige sna tíortha go léir, cuirtear an t-athbhreithniú i láthair taobh istigh de chreatlach leathan. Áirítear leis sin na gnéithe seo a leanas do gach tír, le fo-cheanntheidil éagsúla a léiríonn mar a eagraítear Cúram agus Oideachas na Luath-Óige sna ceantair éagsúla:
- Introduction
- Context for Quality
- Defining Quality
- Assessing Quality
- Supporting Quality
- Educational Disadvantage and Special Needs
- Implications for Ireland
Ag deireadh na tuarascála, déantar na téamaí coitianta ón athbhreithniú tras-náisiúnta a chomhtháthú agus tá imlíne ar impleachtaí na bhfíricí d’fhorbairt CNC sa chomhthéacs Éireannach. Áirítear leis na himpleachtaí sin an gá atá le creatlach de bheartas comhordnaithe, le sainmhíniú leathan, lúbtha ar cháilíocht, le páirtíocht na gcoimeádaithe geallta go léir, le soláthar oiliúint shásúil réamhsheirbhíse agus inseirbhíse agus le bonneagar sásúil tacaíochta chun cuidiú le feidhmiú.
Is féidir an tuairisc a fháil in iomlán anseo nó i gcaibidil thíos:
|