|
|
|
|
Mic Léinn Taighde an Lárionad
Mic Léinn Taighde an Lárionad 2003-2007
D’earcaigh an CECDE ceathrar mac léinn PhD le déanaí, le leanúint dár dtiomantas i dtaca le taighde ar ECCE a chothú in Éirinn.

|
Anna Dillon
|
Tá Anna ag obair mar phríomhoide scoile i Scoil Náisiúnta Bhéal Átha Seanaidh, Cill Chuillinn, Co. Chill Dara le trí bliana anuas, ach tá sé ar iasacht i gColáiste Oideachais Mhuire gan Smál, UL, i láthair na huaire. Tá sí ina léachtóir le Modheolaíochtaí Oideachais agus Oideolaíocht Nua-Theangacha, agus is í Comhordaitheoir Gníomhach na Micreamhúinteoireachta. Rinne Anna MA san Oideachas trí thaighde i MIC, i réimse sealbhaithe an dara agus an tríú teanga i nGaelscoileanna agus i scoileanna trí mheán an Bhéarla, mar chuid den Tionscnamh ar Nua-Theangacha sna Bunscoileanna.
Is é an teideal oibre atá ar staidéar Anna ná 'A Comparative Study of L1 maintenance, L2 acquisition and L3 acquisition among newcomer children in Junior Infant classes in Gaelscoileanna and English-medium primary schools in the Republic of Ireland'. Is iad na daoine a dhéanann maoirseacht air seo ná an Dr. Máire Mhic Mhathúna agus an Dr. Brian O'Neill agus tá an taighde ar siúl trí Scoil na nEolaíochtaí Sóisialta, DIT.
|
Helen Lynch
|
Is teiripeoir saothair í Helen Lynch agus is í an príomh-léachtóir agus an príomh-chomhordaitheoir i gclár Teiripe Shaothair an dara bliain, le haghaidh na mac léinn fo-chéime i UCC. Tá na blianta fada de thaithí aici ar obair le páistí a bhfuil riachtanais speisialta acu i gceantar Chorcaí agus tá dioplóma aici i modh oideachais Montessori. Chríochnaigh sé a MSc i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, ar na gnáth-imeachtaí laethúla a bhíonn ar siúl ag páistí lár-óige, atá ina gcónaí i gcathair Chorcaí.
Is é an teideal oibre atá ar a PhD ná ‘Beginning with the end in sight: inclusive environments - inside or out’. Tá maoirseacht á déanamh ar a cuid oibre ag an Dr. Nóirín Hayes, in Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath, agus í suite ag Cearnóg Mhuinseo.

|
Claire O'Connor
|
Is múinteoir bunscoile í Claire, i Scoil Náisiúnta Shóisearacha an Ard-Easpaig Uí Riain, i Leamhcán. Chríochnaigh sé a MEd i UCD, ar an spreagadh a bhíonn i gceist do mhúinteoirí bunscoile a dhéanann staidéar iarchéime. Tá Dioplóma Gaolmhar aici sa Drámaíocht agus rinne sí staidéar le déanaí in Óstaí an Rí, le haghaidh Dioplóma i Staidéar Dlí.
Is é an teideal atá ar a PhD ná ‘Playing with Partnership’ agus déantar fiosrú ann ar an dearcadh a bhíonn ag tuismitheoirí i leith an róil a bhíonn acu mar pháirtithe in oideachas luath-óige, taobh istigh de chóras na mbunscoileanna in Éirinn. Tá maoirseacht á déanamh ar a chuid oibre ag an Dr. Philomena Donnelly i gColáiste Oideachais Naomh Pádraig.

|
Sharon O'Driscoll |
Is múinteoir bunscoile i Scoil Náisiúnta Áth an Chóiste, Co. Chorcaí, í Sharon. Tá sí ag obair leis na blianta fada leis an aonad Forbartha Gairmiúla den INTO, mar dhearthóir agus mar theagascóir sna cúrsaí luath-óige.
Tá staidéar PhD ar siúl ag Sharon ar 'Exploring Early Years Pedagogy in Multigrade Classrooms’. Beidh maoirseacht á déanamh air seo ag an Dr. Elizabeth Dunphy, Coláiste Oideachais Naomh Pádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath.
Mic Léinn Taighde an Lárionad 2003-2007
I 2003 bhí ceathrar mhac léinn dochtúireachta earcaithe againn mar chuid dár Straitéis
Taighde d’fhonn freagairt ar inniúlacht taighde na hEarnála um Chúram agus Oideachas na Luath-Óige agus í a
láidriú. Rinne an Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige, Coláiste Phádraig agus
Institiúid Teicneolaíochta Átha Cliath na mic léinn seo a mhaoirsiú.

|
Anne Boyle
|
Tá Anne Boyle BA, HDE, MEd ag teagasc i réamhscoil don Lucht Siúil i nGaillimh ó 1986 agus tá sí ar ár gCoiste Comhairliúcháin mar ionadaí do Chumann Mhúinteoirí Réamhscoileanna an Lucht Siúil.
Rachaidh sí i mbun staidéir PhD ar ‘Parental Involvement in Traveller Pre-Schools’ ar feadh
tréimhse thrí bliana, agus ceapfar Dr. Gemma Kiernan sa Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige agus Dr. Paul Downes i
gColáiste Phádraig chun í a stiúradh.
Cliceáil ar an naisc seo chun giota d'obair atá ar siúl aici a léamh.

|
Carmel Brennan
|
Oibríonn Carmel le IPPA, the Early Childhood Organisation agus tá freagracht uirthi le fhorbairt
leanúnacht agus chomh-ordaithe Scéim Fheabhais na hEagraíochta Luath-Óige IPPA. Roimhe sin, bhí sí mar mhúinteoir,
Stiúrthóir Naíonra agus Comhairleoir Cúram Leanaí.
Shaothraigh sí a M.A. in Education leis an Open University agus anois tá sí i mbun staidéir PhD ar
‘The Case for Play’, agus ceapfar Nóirín Hayes ón Institiúid Teicneolaíocht Átha Cliath chun í a stiúradh.
Cliceáil ar an naisc seo chun giota d'obair atá ar siúl aici a léamh.

|
Mary Irving
|
Is príomhoide Mary in Catherine’s Infant School in Cabra, BÁC 7.
D'fhreastail sí ar MSc i síceolaíocht leis an Open University le ghairid, agus chomh maith le sin is Associate
Lecturer of Child Development í leis an Open University.
Tá sí i mbun staidéir PhD ar 'Assessment in Early Childhood Education' agus Dr. Gemma Kiernan san
Lárionad agus Dr. Mark Morgan i gColáiste Phádraig, Droim Chonrach atá mar stiúirthóir aici.
Cliceáil ar an naisc seo chun giota d'obair atá ar siúl aici a léamh.

|
Mary O'Kane
|
Déanaimid comhghairdeas le Mary O’Kane a fuair a PhD ó Institiúid Teicneolaíochta Bhaile Átha Cliath le deireanas mar gheall ar a tráchtas “Building Bridges: The Transition from Preschool to Primary School for Children in Ireland”. Is í Mary an chéad duine ón ngrúpa tosaigh de mhic léinn PhD urraithe ag an Lárionad a chríochnaigh a cuid staidéar. Tá an tráchtas críochnaithe, atá ar cheann de na píosaí tearca taighde atá críochnaithe i réimse an Aistrithe i COLO in Éirinn, ar fáil ó Leabharlann an Lárionaid agus is féidir rochtain a fháil air ar líne freisin.
|
|
|