Cuireann na Rialacháin maidir le hAthúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí 2005 (IR 279 de 2005) comhlachtaí na hearnála poiblí faoi oibleagáid faisnéis a sholáthar faoi ábhar a bhfuil siad sásta é a scaoileadh.
Tá láithreán gréasáin lárnach bunaithe ag an Roinn Airgeadais ar a bhfuil naisc leis na láithreáin ghréasáin d’Fhaisnéis na hEarnála Poiblí a bhaineann leis na Ranna/Oifigí agus na comhlachtaí earnála poiblí ábhartha uile. Tá téacs na Treorach agus na Rialachán ar an suíomh freisin, le cois an cheadúnais chaighdeánaigh.
Féadfar faisnéis agus cáipéisí a fhaightear ón láithreán gréasáin seo a atáirgeadh agus/nó a athúsáid faoi réir an cheadúnais FEP is deireanaí atá ar fáil ar an Tairseach um Athúsáid Fhaisnéis na hEarnála Poiblí. Tá íoslódáil agus athúsáid faisnéise ó láithreán gréasáin an CECDE saor, ach tá sé faoi réir na gcoinníollacha seo a leanas:
Ní mór duit foinse agus teideal na cáipéise a aithint go soiléir
Ní mór duit dáta foilsithe na cáipéise a aithint go soiléir, nó, i gcás nach bhfuil dáta foilsithe ar fáil go héasca, an chéad dáta ar cuireadh an cháipéis ar fáil
Ní mór duit sonraí an chóipchearta le cois ráiteas ag míniú go bhfuil an t-ábhar á atáirgeadh faoi Cheadúnas a chur i ngach saothar, agus ní mór duit an ráiteas seo a chur isteach ar bhealach nó in áit a thugann fógra réasúnta faoin éileamh cóipchearta sa saothar
Ní cheadaítear duit an cháipéis a úsáid:
chun na críche príomhúla de phoiblíocht a dhéanamh nó táirge nó seirbhís áirithe a chur chun cinn
chun críche mídhleathaí, mímhorálta, calaoisí nó mímhacánta nó chun tacú leis na críocha réamhluaite
ar bhealach a thabharfadh le fios go bhfuil sé formhuinithe ag an CECDE
go ginearálta, ar bhealach ar dóchúil go gcuirfeadh sé daoine eile amú
Ní cheadaítear duit aon suaitheantas, lógó ná marc de chuid an Stáit, Roinn Rialtais nó comhlachta rialaithe ag dlí poiblí a atáirgeadh, ach amháin nuair atá an suaitheantas, lógó nó marc sin ina chuid lárnach den cháipéis atá á hathúsáid
Ní mór duit cáipéisí reatha nó codanna díobh a atáirgeadh nó a athúsáid go cruinn
Dáta deireanach a nuashonraíodh an suíomh:
5 February, 2012
An Lárionad um Fhorbairt agus Oideachas na Luath-Óige
Teach an Gheata, Coláiste Phádraig, Droim Conrach, Baile Átha Cliath 9 Tel: 00353 (0)1 8842110 Fax: 00353 (0)1 8842111
Email: early.childhood@spd.dcu.ie